|
|
 |
 |
|
| Cuspóir de chuid NASC is ea páirtíocht na gcomhpháirtithe, go hindibhidiúil nó i dteannta a chéile, i gcláir agus tograí an AE a éascú, agus comhthograí i réimsí comhleasa a chur i ngníomh. Cuirtear tograí NASC in dhá rang: |
|
 |
Tograí AE |
 |
Gníomhaíochtaí taighde agus ardaithe feasachta |
|
|
 |
|
| Tá moltaí curtha isteach faoin iliomad clár AE agus faoi raon réimsí ábhair, lena n-áirítear forbairt gheilleagrach áitiúil, turasóireacht, caomhnú an chomhshaoil, agus bainistíocht ar chrios an chósta. |
|
|
|
|
 |
|
| Beatha
- comhartha cáilíochta comhshaoil ceantarbhunaithe, forbartha ag NASC le cúnamh ó chlár LIFE an Chomhphobail Eorpaigh. |
|
| EUROGISE
- togra trasnáisiúnta a fhaigheann maoiniú i bpáirt ó chlár TERRA agus a dhéileálann le Córais Eolais Gheografaigh a chur i bhfeidhm i gceisteanna úsáide talún agus pleanála spásúla. |
|
|
|
 |
|
| Féachann NASC le bheith réamhghníomhach maidir le hanailísí taighdebhunaithe a dhéanamh agus a éascú mar ionchur do na próisis déanta polasaí agus déanta clár ag leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach. Déanann sé iarracht chomh maith feasacht ar cheisteanna Eorpacha agus ar a n-impleachtaí ag leibhéal réigiúnach agus áitiúil a ardú, agus freagairtí oiriúnacha ó ghníomhairí réigiúnacha agus áitiúla a éascú. I measc roinnt tionscnamh tograí de chuid NASC a fhéachann leis na cuspóirí seo a bhaint amach tá: |
|
 |
Staidéar Pleanála Réigiúnaí |
 |
Seimineáir Chlár 2000 |
 |
Ceardlann Réigiúnaithe |
|
|
|
|
|
 |
|
| Mar thoradh ar an staidéar seo foilsíodh an tuarascáil dar teideal: 'Pleanáil Réigiúnach agus Áitiúil á Déanamh: Cur san Áireamh Coincheapúil agus Praiticiúil le Tagairt d'Iarthar na hÉireann' (1998). Tugtar samhail pleanála réigiúnaí ann, a d'fhorbair foireann ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i ndiaidh plé le hionadaithe ó Ghrúpa Stiúrtha NASC. Aithnítear ann cad a chiallaíonn cur chuige pleanála straitéisí nó réigiúnaí do na cineálacha eagraíochtaí a thugann comhpháirtíocht NASC le chéile, agus soláthraítear comhairle agus treoirlínte ar an gcaoi a bhféadfaí cur chuige dá leithéid a chur i ngníomh. |
|
|
Staidéar Pleanála Réigiúnaí |
|
|
|
 |
|
| In Earrach 1998, chuir NASC clár seimineár i ngníomh i nGaillimh, Cathair na Mart agus Cill Airne a bhain leis na moltaí do Chlár 2000 a rinne Coimisiún na hEorpa in Iúil 1997. D'fhéach na seimineáir sin le feasacht ar na himpleachtaí féideartha ag leibhéal réigiúnach agus áitiúil a ardú agus smaointeoireacht ar na freagairtí oiriúnacha a spreagadh mar ionchuir don phróiseas pleanála don tréimhse nua clár in Eanáir 2000. Foilsíodh achoimre ar imeachtaí na seimineár i Samhain 1998 ('Clár 2000: Impleachtaí don Phleanáil Réigiúnach - Imeachtaí Sraith Seimineár NASC, Earrach 1998'). |
|
|
Seimineáir Chlár 2000 de chuid NASC |
|
|
|
 |
|
| I ngeall ar chinneadh an Rialtais i dtaobh réigiúnaithe, d'eagraigh NASC an cheardlann seo ar an 25 Samhain 1998. Tugadh le chéile na príomhghníomhairí ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta chun an méid seo a leanas a aithint: |
|
 |
impleachtaí straitéis réigiúnaithe ar obair chomhpháirtithe NASC, na nÚdarás Réigiúnach agus Choimisiún Forbartha an Iarthair; |
|
|
 |
na príomhcheisteanna maidir le pleananna, tosaíochtaí agus straitéisí na gcomhlachtaí seo a chomhtháthú; agus |
|
|
 |
na deiseanna comhoibrithe idir na comhlachtaí seo agus comhlachtaí eile chun cuspóirí polasaí réigiúnaigh a bhaint amach.
|
|
|
| Ceardlann ar Réigiúnú agus Maoiniú AE |
|
|
|
 |
|
|
|