I dtaobh NASC
Ráiteas Misin
Comhpháirtithe NASC
Struchtúir NASC
Oifig NASC sa Bhruiséil
Tograí NASC
Foilseacháin
Naisc
Nuachtlitir NASC
Inlíon NASC
Abhaile
Comhpháirtithe NASCríomhphost

Is í an Ghaeltacht an croífhachtóir comhtháthaithe do NASC. Tá gach ceann de chomhpháirtithe NASC freagrach as forbairt na gcontaetha ina bhfuil ceantair Ghaeltachta, nó as seirbhísí a sholáthar sna nó do na contaetha sin.

Comhpháirtithe NASC
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Comhairle Contae Chiarraí
Comhairle Contae Chorcaí
Comhairle Contae Dhún na nGall
Comhairle Contae na Gaillimhe
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Údarás na Gaeltachta
Údarás Réigiúnach an Iarthair

Clúdaíonn an chomhpháirtíocht speictream leathan leas agus freagrachtaí, lena n-áirítear forbairt gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha; forbairt pobail, áitiúil agus tuaithe; oideachas tríú leibhéal agus taighde; agus feidhmeanna bardasacha mar thithíocht, iompar ar bhóithre, seirbhísí sláintíochta, pleanáil spásúil, caomhnú an chomhshaoil, agus caitheamh aimsire is taitneamhachtaí.

Féachann an chomhpháirtíocht le forbairt chomhtháite agus inbhuanithe na gceantar a bhfuil na comhpháirtithe freagrach astu a chur chun cinn trí úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní agus saineolas ar fad atá ar fáil, lena n-áirítear acmhainní agus saineolas seachtrach a chuirtear ar fáil i gcomhthéacs ballraíochta san Aontas Eorpach.

Is éard a chiallaíonn forbairt chomhtháite cur chuige níos comhordaithe ó chomhpháirtithe NASC agus a gcláir indibhidiúla á dtabhairt. Ina theannta sin, baineann sé le tabhairt faoi chomhthionscnaimh nuair a léiríonn siad sin an rogha is éifeachtaí. Toise tábhachtach de chuid NASC is ea comhtháthú barrmhaitheasa Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar chomhpháirtí sna próisis fhorbartha, ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach, dá bhfuil compháirtithe NASC ar fad tugtha.

Aithníonn na comhpháirtithe go bhfuil an toise Eorpach ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí maidir le forbairt a gceantar sa todhchaí a chinneadh. Is príomheilimint í tionscnamh NASC ina bhfreagairt don fhírinne sin agus is eilimint í a bhfuil sé mar aidhm aici iarrachtaí indibhidiúla na gcomhpháirtithe ag leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach a chomhlánú.

Le forbairt an dlúthchaidrimh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus réigiúin eile na hEorpa cuirtear Eorapú fheidhmeanna agus ghníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe chun cinn agus leis sin cuirtear forbairt na gceantar a bhfreastalaíonn siad orthu chun cinn.

Top