|
|
 |
 |
| |
|
 |
|
 |
Eolas ar fhorbairtí AE a sholáthar do chomhpháirtithe NASC. |
|
|
 |
Cabhrú leo chun páirt a ghlacadh i gcláir AE agus chun comhpháirtíochtaí tairbheacha le réigiúin eile san Eoraip a fhoirmiú. |
|
|
 |
Tuiscint níos fearr a chur chun cinn ar cheisteanna mar a fheictear iad sna ceantair ionadaíochta. |
|
|
|
|
|
|
|
 |
John Bennett, Stiúrthóir |
 |
|
|
|
 |
Oifigeach
Idirchaidrimh Eorpaigh (le líonadh) |
 |
|
|
|
 |
Ailish Rohan, Oifigeach Taighde agus Idirchaidrimh |
 |
|
|
|
|
 |
|
| John Bennett, Stiúrthóir Oifig NASC sa Bhruiséil |
|
|
|
|
| Feidhmíonn an Oifig Idirchaidrimh Eorpaigh mar 'phost éisteachta' sa Bhruiséil, ag soláthar eolas tráthúil do chomhpháirtithe NASC ar ghnóthaí ábhartha AE agus ag tabhairt comhairle dóibh ar thionscnaimh a bhféadfaidís tabhairt fúthu, go hindibhidiúil nó i dteannta a chéile, mar fhreagairt ar na deiseanna agus na dúshláin a thugtar le forbairtí ag leibhéal na hEorpa. Is acmhainn í an Oifig Idirchaidrimh Eorpaigh ar féidir le comhpháirtithe NASC tarraingt aisti nuair a thagann ceisteanna le toise Eorpach chun solais a dteastaíonn eolas, comhairle nó cúnamh eile ina dtaobh uathu. Coinníonn an Oifig Idirchaidrimh teagmháil laethúil le hInstitiúidí na hEorpa. I measc na bhfeidhmeanna breise atá aici áirítear cabhair agus tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí chomhpháirtíocht NASC chun moltaí comhthograí a fhorbairt agus tionscnaimh ardaithe feasachta agus déanta cáis a chur i ngníomh. |
|
|
|
|
Déanann Oifig na Bruiséile comhordú ar chláir threoracha do bhaill agus oifigigh na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta agus cabhraíonn chun cláir oiliúna dá bpearsanra a chur i ngníomh, i gcomhar le comhlachtaí eile go minic, mar an Lárionad Idirnáisiúnta um Staidéar Forbartha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; an Institiúid Riaracháin Phoiblí, Baile Átha Cliath; agus Institiúid Lováin d'Éirinn san Eoraip.
|
|
|
|
Sainchuspóir
don chomhpháirtíocht is ea ról 'cothaithe
inniúlachta' oifig na Bruiséile a fhorbairt.
Tá scéim socrúcháin fhoirne bunaithe,
a thugann deis do phearsanra ó na heagraíochtaí
comhpháirtíochta dul ag obair sa Bhruiséil
ar feadh tréimhsí nach mó ná bliain. Tá
an socrúchán seo ag Ailish Rohan, Comhairle
Contae Chiarraí, faoi láthair. Glacann
Oifig na Bruiséile páirt i gClár Oiliúna
Bainistíochta Údarás na Gaeltachta chomh
maith; maoiníonn an clár post an Oifigigh
Idirchaidrimh Eorpaigh i bpáirt, post
atá le líonadh faoi láthair.
|
|
|
 |
|
|
|