I dtaobh NASC
Ráiteas Misin
Comhpháirtithe NASC
Struchtúir NASC
Oifig NASC sa Bhruiséil
Tograí NASC
Foilseacháin
Naisc
Nuachtlitir NASC
Inlíon NASC
Abhaile
I dtaobh NASCríomhphost

Fáilte chuig Láithreán Gréasáin NASC.

Comhpháirtíocht NASC
Féachann comhpháirtíocht NASC le cumarsáid a fheabhsú agus naisc a fhorbairt le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus réigiúin eile na hEorpa, agus ar an gcaoi sin cur le forbairt na réigiún sin dá seasann na comhpháirtithe, go háirithe an Ghaeltacht, nó na réigiúin labhartha Gaeilge, atá suite ar chósta iarthair na hÉireann.
Bunaíodh comhpháirtíocht NASC i 1992. Tugann sí le chéile eagraíochtaí a bhfuil an comhchuspóir céanna acu .i. déanamh cultúrtha na Gaeltachta, lena n-áirítear a sainoidhreacht theangeolaíoch, a chaomhnú. Creideann comhpháirtithe NASC gur fearr a bhaintear an cuspóir sin amach i gcomhthéacs Eorapaithe agus ar lorg cláir fhorbartha socheacnamaíochta chomhtháite a chur i ngníomh a sholáthraíonn na deiseanna fostaíochta, saoráidí agus seirbhísí a mbíonn pobail na réigiún ag tnúth leo.
Tá Oifig Idirchaidrimh Eorpaigh bunaithe ag na comhpháirtithe sa Bhruiséil agus tá sí ag feidhmiú ó 1993 i leith.
Príomhchuspóirí NASC
Deimhin a dhéanamh de go gcuirtear na comhpháirtithe ar an eolas faoi chúrsaí ábhartha AE
Maoiniú ón AE a mhealladh chun tograí agus tionscnaimh, a chuireann le forbairt inbhuanaithe limistéir na gcomhpháirtithe, a chur i ngníomh
Plé le hinstitiúidí an AE a éascú
Cur le próisis déanta polasaí agus déanta cláir ag leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach
Obair a dhéanamh le chéile ag leibhéal áitiúil ar chúrsaí comhleasa
Comhthograí i réimsí comhleasa a chur i ngníomh
Barr